
Printísigh
- Cuir leis na ceanáinPrintísigh
- Íoslódáil

Tá gá san Aontas le níos mó oibrithe a bhfuil scileanna praiticiúla agus cáilíochtaí acu. Trí phrintíseacht a dhéanamh, is féidir leat na hinniúlachtaí atá á lorg ag fostóirí a fhorbairt, rud a fhágann gur dóichí go bhfaighidh tú post. Déanann an tAontas Eorpach printíseachtaí a chur chun cinn ar roinnt bealaí.
Ón mbliain 2013, tá rialtais agus gnóthaí, comhpháirtithe sóisialta, soláthróirí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus ionadaithe don aos óg á dtabhairt le chéile ag an gComhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí (EAfA). Is é is aidhm leis caighdeán, soláthar agus íomhá printíseachtaí san Eoraip a neartú agus é a dhéanamh níos fusa duit gluaiseacht ar fud na hEorpa chun do phrintíseacht a chríochnú. Leag an tAontas creat Eorpach do phrintíseachtaí ardchaighdeáin agus éifeachtacha síos in 2018. Tháinig na Ballstáit go léir ar chomhaontú faoina bhfuil i gceist le printíseacht, agus thug siad geallúint faoi choinníollacha fabhracha foghlama, oibre agus dlíthiúla a chur i bhfeidhm do phrintísigh agus d’fhostóirí araon.
Tá sé mar aidhm le Erasmus+, clár oideachais an Aontais don tréimhse 2021-2027, scileanna agus infhostaitheacht daoine óga a fheabhsú tríd an ‘tsoghluaiseacht foghlamtha’ a fhorbairt tuilleadh. D’fhéadfadh sé sin a bheith i bhfoirm sealanna oiliúna nó printíseachtaí. Le bearta cuimsiúcháin agus éagsúlachta, féachtar le teagmháil níos fearr a dhéanamh le daoine óga ar lú na deiseanna atá acu agus aghaidh a thabhairt ar a riachtanais ar bhealach níos fearr.
Tá a ráthaíocht don aos óg treisithe ag an Aontas chun rochtain ar phrintíseacht ardchaighdeáin a thabhairt do dhaoine óga faoi bhun 30 bliain d’aois laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh a bheith dífhostaithe nó tar éis dóibh an t-oideachas foirmiúil a fhágáil. Ag an am céanna, is féidir le tairseach EURES cabhrú leat printíseacht a aimsiú i dtír eile de chuid an Aontais, is cuma cén aois atá agat.
- Tuilleadh faisnéise
Foilseachán EPRS maidir le Erasmus+, https://www.europarl.europa.eu/thinktank/ga/document/EPRS_BRI(2018)628313
An Coimisiún Eorpach: an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí, https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1147&langId=ga
An Coimisiún Eorpach: an creat Eorpach le haghaidh printíseachtaí, https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/MEMO_17_3586
EPRS | Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, https://epthinktank.eu























