
Úsáideoirí fón cliste agus táibléad
- Cuir leis na ceanáinÚsáideoirí fón cliste agus táibléad
- Íoslódáil

An raibh a fhios agat go ndéanann 81% de mhuintir na hEorpa an t-idirlíon a rochtain gach lá óna bhfón póca, agus go ndéanann 29% é óna dtáibléad? Cosúil leo sin, is dócha go n-úsáideann tú do ghaireas soghluaiste chun an t-idirlíon a bhrabhsáil, do bhaincéireacht a bhainistiú, éisteacht le ceol, nó fanacht i dteagmháil le daoine.
Sa ré dhigiteach, tá borradh gasta ag teacht ar an earnáil cumarsáide leictreonaí. Is ag méadú atá an méid comhlachtaí cumarsáide ar líne (cosúil le Skype agus WhatsApp) a sholáthraíonn seirbhísí ar nós glaonna agus teachtaireachtaí meandracha le prótacal idirlín guthaithe (VoIP), a bhfuil níos mó gnéithe agus cumais ná riamh ag baint leo. Níl an nascacht mhéadaithe seo gan bhaol, áfach.
Tugann an tAontas tús áite do chosaint do phríobháideachais sonraí agus do shlándála in aghaidh turscar ionrach agus fógraíocht nach bhfuil ag teastáil. Chun do chearta cosanta sonraí a neartú, rinneadh rialacha an Aontais a bhí ann cheana a oiriúnú do theicneolaíochtaí nua tar éis athbhreithniú a rinneadh in 2018 ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá an tAontas ag obair freisin chun a chreat dlíthiúil maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach a nuashonrú, chun a chinntiú gur féidir leat muinín a bheith agat as seirbhísí cumarsáide agus leas a bhaint as na buntáistí a bhaineann le táirgí nuálacha a oireann duit féin. Tá na rialacha r-phríobháideachais sin atá le teacht ceaptha VoIP agus soláthraithe seirbhísí teachtaireachtaí ar líne a rialú, agus sonraí a stórálann do ghaireas (e.g. teagmhálaithe príobháideacha) nó a chuireann do ghaireas amach (e.g. sonraí suímh) a chosaint ar dhóigh níos fearr. Ina theannta sin, cosnóidh siad úsáideoirí ar dhóigh níos fearr ar ghlaonna nó ríomhphoist mhargaíochta nach bhfuil ag teastáil. Ar deireadh, déanfaidh siad níos éasca é d’úsáideoirí glacadh le fianáin trí shocruithe do bhrabhsálaí gréasáin.
- Tuilleadh faisnéise
Foilseachán EPRS: ´beartas cosanta sonraí an Aontais a thuiscint’, https://www.europarl.europa.eu/thinktank/ga/document/EPRS_BRI(2022)698898
Foilseachán EPRS: ‘seoladh RGCS: Dlí um chosaint sonraí na linne seo', https://www.europarl.europa.eu/thinktank/ga/document/EPRS_ATA(2018)621873
An Coimisiún Eorpach: príobháideachas digiteach, https://digital-strategy.ec.europa.eu/ga/policies/digital-privacy
EPRS | Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, https://epthinktank.eu