
Mná atá ag cothú linbh ar an gcíoch
- Cuir leis na ceanáinMná atá ag cothú linbh ar an gcíoch
- Íoslódáil

Má saolaíodh leanbh duit le gairid agus má tá tú ag cothú do linbh ar an gcíoch, b’fhéidir nach bhfuil tú cinnte cén chaoi ar féidir leat dul ar ais ag obair agus fonn ort leanúint den bheathú cíche. Ós rud é go bhfuil bainne cíche an-tábhachtach do naíonáin, tacaíonn AE le cothú linbh ar an gcíoch, go háirithe san ionad oibre, trí reachtaíocht, trí fheachtais eolais, agus trí mhaoiniú do thaighde. Sampla de na hiarrachtaí chun borradh a chur faoi líon na mban atá ag cothú a leanaí ar an gcíoch ná tionscadal TheCoroRevolution, a fhaigheann maoiniú ón Aontas, atá ag forbairt ‘slí chliste’ chun dul i ngleic le cúiseanna imní faoi mhéid an bhainne cíche nua le micreabhraiteoir agus aip.
Creideann an tAontas gur cheart tús áite a thabhairt do chleachtais atá fabhrach do thuismitheoirí agus do leas leanaí ar fud na hEorpa. Cuireann dlí AE cosc ar idirdhealú a dhéanamh ar mhná atá ag cothú linbh ar an gcíoch, go háirithe san ionad oibre. Tá a sláinte agus a sábháilteacht ar an tosaíocht is airde agus caithfidh tíortha an Aontais íoschaighdeáin a chomhlíonadh. Ní mór d’fhostóirí dálaí oibre deacra a choigeartú do mhná atá ag cothú linbh ar an gcíoch, chun a bhfolláine a chinntiú, nó saoire a thabhairt dóibh mar rogha mhalartach. Thairis sin, tugann dlí an Aontais cosaint do dhaoine ar obair oíche ar feadh tréimhse tar éis breith clainne, agus cinntíonn sé go gcosnaítear cearta fostaíochta tuismitheoirí. Le rialacha an Aontais a glacadh le déanaí maidir le cothromaíocht oibre is saoil, éascaítear aistriú rathúil oibrithe idir saoire do thuismitheoirí agus an fhostaíocht, mar shampla trí íostréimhse saoire a bhunú agus an ceart socruithe oibre atá solúbtha a iarraidh.
- Tuilleadh faisnéise
Foilseachán EPRS: treoir nua faoi chothromaíocht oibre is saoil, https://www.europarl.europa.eu/thinktank/ga/document/EPRS_BRI(2018)614708
Suíomh gréasáin an Choimisiún faoin gcothromaíocht oibre is saoil, https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1311&langId=ga
Achoimre ar dhlí AE: oibrithe torracha agus máithreacha nua a chosaint, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=LEGISSUM%3Ac10914
EPRS | Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, https://epthinktank.eu























