
Saoránaigh neamh-AE ag bogadh laistigh den Aontas
- Cuir leis na ceanáinSaoránaigh neamh-AE ag bogadh laistigh den Aontas
- Íoslódáil

Is féidir le saoránaigh an Aontais cónaí agus oibriú i dtíortha eile san Aontas seachas a dtír féin. Ach cad a tharlaíonn muna bhfuil saoránacht san Aontas agat? An féidir leat gluaiseacht leis an tsaoirse chéanna? Braitheann an freagra ar an gcúis a bhfuil tú ag bogadh, ar an tréimhse ama atá i gceist agus ar an gcatagóir de shaoránaigh neamh-AE lena mbaineann tú.
Mar shampla, chun bheith in ann bogadh laistigh de limistéar Schengen ar feadh tréimhse suas le trí mhí, caithfidh saoránaigh neamh-AE cead cónaithe bailí nó víosa bhailí i dtír de chuid an Aontais a bheith acu. Do thréimhsí níos faide, cumhdaíonn rialacha sonracha de chuid an Aontais cearta soghluaisteachta grúpaí éagsúla: cónaitheoirí fadtéarmacha, mic léinn agus taighdeoirí, oibrithe ardcháilithe, baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais agus baill teaghlaigh de náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí san Aontas cheana, agus aistrithe ionchorparáideacha. Féadfaidh tíortha an Aontais rialú a dhéanamh ar líon na saoránach neamh-AE atá ag teacht isteach ina margaí saothair freisin. Dhiúltaigh tíortha áirithe AE (e.g. an Danmhairg agus Éire) a bheith páirteach i roinnt de na scéimeanna sin.
Go ginearálta, bíonn cead gluaiseachta laistigh den Aontas ag saoránaigh neamh-AE atá clúdaithe ag dlíthe an Aontais, ach caithfidh siad cloí le ceanglais áirithe. Mar shampla, caithfidh cónaitheoirí fadtéarmacha a bhogann lena dteaghlach go tír eile in san Aontas cur isteach ar chead cónaithe sa tír nua. Le nuashonrú a rinneadh le déanaí ar an dlí maidir le scéim Chárta Gorm AE, ceadaítear d’oibrithe ardcháilithe agus dá mbaill teaghlaigh bogadh go dtí an dara tír in AE tar éis 12 mhí fostaíochta sa chéad tír AE. Tá an tAontas ag obair freisin chun éascú a dhéanamh ar rochtain shaoránaigh neamh-AE ar cheadúnas aonair an Aontais agus ar stádas cónaitheora fhadtéarmaigh an Aontais. Tugann siad seo an ceart chun cónaí agus chun fanacht san Aontas do chónaitheoirí nua agus sean-bhunaithe faoi seach.
- Tuilleadh faisnéise
Parlaimint na hEorpa: bileog eolais ar an mbeartas imirce, https://www.europarl.europa.eu/factsheets/ga/sheet/152/immigration-policy
An Coimisiún Eorpach: tairseach um imirce dhleathach agus comhtháthú, https://home-affairs.ec.europa.eu/policies/migration-and-asylum/legal-migration-and-integration_en
Suíomh ‘An Eoraip Agatsa’ AE: baill teaghlaigh neamh-AE a chlárú, https://europa.eu/youreurope/citizens/residence/documents-formalities/non-eu-family-members-residence-card/index_en.htm
EPRS | Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, https://epthinktank.eu