
Treoraithe sléibhe
- Cuir leis na ceanáinTreoraithe sléibhe
- Íoslódáil

Ón 19ú haois, nuair a tháinig siúl agus dreapadh alpach chun cinn mar spórt ar dtús, tá an díograis chun sléibhte na hEorpa a thaiscéaladh tar éis fás. Cé go bhfuil an-tóir ar spóirt sléibhe inniu, bheadh go leor daoine caillte gan treoraí sléibhe!
Ó bhaineann do shaothar mar threoraí le cúraimí ardriosca i ndálaí dothuartha agus sábháilteacht do chliant ort, ní mór treoraithe a bheith cáilithe. Eisíonn Aontas Chumainn na dTreoraithe Sléibhe agus Cónaidhm Idirnáisiúnta Chomhlachais na dTreoraithe Sléibhe deimhnithe a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta acu do threoraithe sléibhe a oibríonn san Eoraip. Níl eagraíochtaí náisiúnta de threoraithe sléibhe ag gach Ballstát, ach déanann na tíortha a bhfuil siad acu caighdeáin choiteanna oiliúna agus mheasúnaithe an dá chomhlacht sin a chomhroinnt.
Más treoraí sléibhe thú, seans go dtrasnaíonn tú teorainneacha mar chuid de do phost agus ní mór cloí le coinníollacha áirithe chun oibriú i mBallstát eile. Thug an tAontas isteach an Cárta Eorpach Gairmiúil (EPC) – nós imeachta leictreonach a lamhálann gur féidir do cháilíochtaí gairmiúla a aithint ar fud an Aontais ar shlí atá níos fusa, níos gasta agus níos trédhearcaí. Más mian leat oibriú mar threoraí sléibhe san Aontas, is féidir leat cur isteach ar EPC nó aitheantas a iarraidh ar na húdaráis ann do do dhioplóma. Má cháiligh tú lasmuigh den Aontas, is féidir leat cur isteach ar EPC ar choinníoll go bhfuil do cháilíochtaí aitheanta cheana i mBallstát agus go raibh tú ag obair mar threoraí ann le trí bliana.
- Tuilleadh faisnéise
Suíomh ‘An Eoraip Agatsa’: an Cárta Eorpach Gairmiúil – EPC, https://europa.eu/youreurope/citizens/work/professional-qualifications/european-professional-card/index_en.htm
Suíomh an Choimisiúin Eorpaigh: an Cárta Eorpach Gairmiúil, http://ec.europa.eu/growth/single-market/services/free-movement-professionals/european-professional-card_en
EPRS | Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, https://epthinktank.eu