
Mná san iascach
- Cuir leis na ceanáinMná san iascach
- Íoslódáil

Más bean thú in earnáil iascaigh AE, is eol duit go bhfuil do ról sa slabhra táirgthe bia tábhachtach—agus nach dtugtar faoi deara do shaothar go minic. B’fhéidir go n-oibríonn tú i ngnó beag—fearas iascaireachta a ullmhú nó iasc a iompar chun ceant. Nó oibríonn tú i ngnó mór sa tionscal próiseála éisc nó dobharshaothrú, nó i mbád iascaireachta. Ar aon chuma, ní foláir nach bhfaigheann tú do luach saothair.
Aithníonn AE nach bhfuil aitheantas ceart fós ag mná dá ról in earnáil an iascaigh, agus tá bearta curtha i bhfeidhm aige chun a seasamh a neartú. Cuireann an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) comhionannas inscne chun cinn trí thacú le rannpháirtíocht na mban san iascaireacht. Níl go leor ban i gcomhlachtaí cinnteoireachta in earnáil an iascaigh, mar sin tá sé d’aidhm ag CEMID ceannaireacht, fiontraíocht agus rannpháirtíocht na mban i struchtúir rialachais a threisiú.
Is minic nach ndéantar meastachán rómhór ar líon na mban in earnáil an iascaigh toisc gur lú an seans go n-oibreoidh siad sna hardphoist ar bord soithí iascaireachta is cás le suirbhéanna. Tosaíocht thábhachtach eile don Aontas is ea sonraí níos iontaofa a bhailiú i gcás fíorscála obair na mban san earnáil.
Tá aitheantas agus tacaíocht dlite do mhná an iascaigh dá gcion tábhachtach sa slabhra táirgthe bia. Féachann AE go n-aithnítear agus go bhfuil meas ar a ról.
- Tuilleadh faisnéise
Blagphost EPRS: mná san iascach, https://epthinktank.eu/2021/10/15/women-in-fisheries/
Foilseachán ón gCoimisiún: gné shóisialta an iascaigh, https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/4056d343-3dbc-11eb-b27b-01aa75ed71a1
EPRS | Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, https://epthinktank.eu