
Ag dul i ngleic le gníomhaíocht choiriúil ar fud na hEorpa
- Cuir leis na ceanáinAg dul i ngleic le gníomhaíocht choiriúil ar fud na hEorpa
- Íoslódáil

Tá na laethanta nuair a d’fhéadfadh coirpigh dul i bhfolach ón dlí trí theorainneacha na hEorpa a thrasnú imithe le fada. Tá stair sheanbhunaithe ag an Aontas dul i ngleic leis an gcoireacht thromchúiseach agus eagraithe chun muid a chosaint ar a hiarmhairtí uafásacha. Dírithe ar dtús ar an sceimhlitheoireacht agus ar dhrugaí neamhcheadaithe, tá méadú tagtha de réir a chéile ar chomhar ar leibhéal an Aontais chun freastal ar riachtanais slándála mhéadaitheacha na hEorpa gan teorainneacha. Cé nach bhfuil fórsa póilíneachta Eorpach ann, baineann údaráis náisiúnta frithchoiriúlachta neart buntáistí as raon leathan gníomhaíochtaí tacaíochta an Aontais .
Cad is féidir leis an Aontas a dhéanamh?
Cé go leanann rialtais an Aontais de bheith freagrach go príomha as gach rud a bhaineann leis an tslándáil laistigh dá dteorainneacha, tá réimse uirlisí ag an Aontas atá in ann cur isteach ar oibríochtaí grúpaí coiriúla. Mar shampla, is féidir leis dlíthe maidir le cionta coiriúla a ghlacadh agus cuidiú lenár rialtais gnéithe de bheartais náisiúnta choiriúla a chomhordú. Chomh maith leis sin, tá institiúidí bunaithe ag an Aontas a éascaíonn comhar idir na Ballstáit, agus a chuireann maoiniú suntasach ar fáil do réimse tionscadal atá dírithe ar an gcoireacht a chomhrac agus a chosc.
Cad atá déanta ag an Aontas go dtí seo?
Laistigh den Aontas, tá rialacha ann a threoraíonn an dóigh a n-oibríonn breithiúna, ionchúisitheoirí agus póilíní ó thíortha éagsúla le chéile. Is é buntaca na gcomhiarrachtaí sin príomhphrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, rud a chiallaíonn go nglactar le breithiúnais nó cinntí breithiúnacha a dhéanann údaráis i mBallstát amháin agus go bhforfheidhmítear iad i mBallstát eile. Mar shampla, cuireann an Barántas Gabhála Eorpach deireadh leis an ngá atá le heiseachadadh traidisiúnta, rud a fhágann go bhfuil sé níos fusa coirpigh a thrasnaíonn teorainneacha laistigh den Aontas a ghabháil.
Cuidíonn gníomhaireachtaí an Aontais, Europol agus Eurojust go háirithe, le póilíní agus le hionchúisitheoirí faisnéis a mhalartú faoi amhrastaigh agus faoi chásanna agus fiú imscrúduithe trasteorann a reáchtáil le chéile. Le hardchórais faisnéise an Aontais, ar nós Chóras Faisnéise Schengen (SIS II), cuirtear ar chumas na bpóilíní, na rialaitheoirí teorainneacha agus na n-údarás custaim faisnéis a roinnt le chéile.
Téann an tAontas i ngleic le coireanna sonracha chomh maith trí bhunrialacha a leagan amach nach mór dá Bhallstáit uile a leanúint, agus déanann sé uasdátú orthu chun athruithe ar iompar coiriúil a léiriú. Áirítear orthu sin dlíthe maidir le sceimhlitheoireacht, agus maidir le gáinneáil ar dhaoine agus mí-úsáid ghnéasach leanaí, atá á uasdátú faoi láthair. Sainmhínítear na coireanna sin i ndlíthe an Aontais agus léirítear an dóigh ar cheart pionós a ghearradh ar chiontóirí. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Aontas chomh maith ar a dhlíthe frithsciúrtha airgid atá dírithe ar airgeadas coiriúil agus ar dhlí maidir le sócmhainní coiriúla a reo agus a choigistiú. Tá rialacha maidir le hairm thine ag an Aontas chomh maith chun a chinntiú nach bhfaigheann na daoine míchearta seilbh ar airm.
Cad iad na chéad dúshláin eile?
Is dúshlán leanúnach é cumas coirpeach oiriúnú go tapa d’athruithe sa tsochaí chun coireacht a chosc agus a chomhrac san Eoraip. Cuireann luas tapa an dul chun cinn teicneolaíoch sa lá atá inniu ann deiseanna ar fáil do choirpigh chun a bheith rathúil, go háirithe sa chibearspás. Ní hamháin go bhfuil cineálacha nua cibearchoireachta tagtha chun cinn, ach éascaíonn cibearchoireacht mar sheirbhís (i gcás ina soláthraíonn cibearchoirpigh seirbhísí nó ina ndíolann siad a n-uirlisí le coirpigh eile) cionta gaolmhara amhail sciúradh airgid agus calaois. Is minic a bhíonn deacrachtaí ag údaráis forfheidhmithe dlí aonair teacht ar na hacmhainní is gá chun na huirlisí agus na cumais is gá a fhorbairt chun dul i ngleic leo.
Tagann sraith dúshlán ar leith eile chun cinn nuair a fhéachann grúpaí coiriúla lena ngnóthachain aindleathacha a dhlisteanú trí infheistíocht a dhéanamh i ngnóthaí dlisteanacha. Bíonn ról lárnach ag an éilliú go minic sa phróiseas sin a chumasú, le hiarmhairtí uafásacha aige sin ar iomaíocht chóir agus ar an muinín atá ag an bpobal as na húdaráis.
Ina theannta sin, déanann éagobhsaíocht lasmuigh de theorainneacha an Aontais – agus go háirithe coinbhleachtaí i gcomharsanacht an Aontais – ár dtírdhreach slándála níos casta. Is léiriú é sin ar fhorbairtí le déanaí sa smuigleáil imirceach, chomh maith le gáinneáil ar dhaoine agus ar airm.
De réir mar a fhorbraíonn an saol coiriúil, leanann an tAontas dá dhlíthe agus dá bheartais a uasdátú chun coinneáil suas, tá straitéis á glacadh aige chun dul i ngleic le coireacht eagraithe do 2021‑2025. Tá obair ar siúl ar reachtaíocht nua lena dtugtar aghaidh ar sciúradh airgid (lena n-áirítear rialacha nua maidir le criptea-airgeadraí), éilliú, agus tá sí beagnach réidh maidir le Cód AE um Chomhar Póilíneachta a fhorbairt.
- Tuilleadh faisnéise
Faisnéisiú EPRS: Freagairt AE ar choireacht eagraithe
Bileog eolais na Parlaiminte: Comhar póilíneachta
An Coimisiún Eorpach: Coireacht eagraithe agus gáinneáil ar dhaoine































