I bhfócas

Foghlaim faoin gcaoi a bhfuil an tAontas Eorpach ag cruthú Eoraip níos fearr duit
I bhfócas
Foghlaim faoin gcaoi a bhfuil an tAontas Eorpach ag cruthú Eoraip níos fearr duit
 Daoine óga gnó ag siúl suas sráid cathrach

Ag cruthú geilleagar láidir

  • Cuir leis na ceanáinAg cruthú geilleagar láidir
  • Íoslódáil 
 Daoine óga gnó ag siúl suas sráid cathrach
© Monkey Business / Adobe Stock

Tá cruthú na gcúinsí le haghaidh geilleagar láidir i gcroílár thionscadal an Aontais Eorpaigh ó cuireadh tús leis. An smaoineamh: ilchríoch shíochánta le comhar agus rathúnas eacnamaíoch mar bhunchloch d’aontas polaitiúil. Le cómhargadh Eorpach, an euro mar airgeadra aonair agus aontas baincéireachta agus aontas na margaí caipitil, tá an-dul chun cinn déanta maidir le lánpháirtiú Eorpach. Le dúshláin eacnamaíocha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo taobh thiar dínn, áfach, tá go leor eile fós le déanamh. Tá tús curtha ag an Aontas Eorpach cheana leis an bpróiseas dian chun ár ngeilleagair a athrú, chun é a dhéanamh níos inbhuanaithe agus chun leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua.

Cad is féidir leis an Aontas a dhéanamh?

San Aontas Eorpach, tá gach Ballstát freagrach as a bheartas eacnamaíoch féin a fhorbairt. Agus aitheantas á thabhairt do na buntáistí a bhaineann le beartais chomhardaithe eacnamaíocha, fhioscacha, fostaíochta agus shóisialta, tagann rialtais an Aontais Eorpaigh le chéile gach bliain chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn agus féachaint ar bhealaí chun comhoibriú. Cé go mbainistíonn ár rialtais náisiúnta a gcúrsaí airgid féin, cinntíonn an Banc Ceannais Eorpach (BCE), institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh, cobhsaíocht an euro (a úsáideann go leor Ballstát – ach ní iad uilig). Ciallaíonn sé sin go ndéantar beartais eacnamaíocha agus airgeadaíochta a bhainistiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Déanann an Bainc Ceannais Eorpach maoirseacht ar bhainc san Aontas Eorpach chomh maith. Tá dlúthbhaint aige sin le cuspóir seanbhunaithe go gcruthófaí margadh aonair le haghaidh caipitil ar fud an Aontais Eorpaigh, aontas baincéireachta agus aontas na margaí caipitil. Tá sé mar aidhm ag an méid sin uilig an t-aontas uileghabhálach eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA), atá a thógáil ag an Aontas Eorpach ó 1992 i leith, a thabhairt chun críche.

Cad atá déanta ag an Aontas Eorpach go dtí seo?

Tar éis na géarchéime domhanda airgeadais in 2008, chuir bearta éigeandála sealadacha an Aontais Eorpaigh faoiseamh tosaigh ar fáil. Tá an tAontas Eorpach á gcomhdhlúthú agus á gcur i gcrích chun ár ngeilleagar a ullmhú ar dhóigh níos fearr do thurraingí amach anseo. Chun aontacht, éifeachtacht agus cuntasacht dhaonlathach an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a mhéadú, neartaigh an tAontas Eorpach an rialachas eacnamaíoch comhchoiteann agus bhunaigh sé an t-aontas baincéireachta agus aontas na margaí caipitil.

Le linn an chéad leath de gach bliain – is uaidh sin a thagann an téarma ‘an Seimeastar Eorpach’ – déanann na Ballstáit athbhreithniú agus comhordú ar a mbeartais bhuiséadacha, mhaicreacnamaíocha agus struchtúracha, rud a chuidíonn le rialtais an Aontais Eorpaigh a bhfeidhmíocht eacnamaíoch náisiúnta a thabhairt níos gaire le chéile. Trí ghrinnscrúdú a dhéanamh ar an bpróiseas gach bliain, cuireann Parlaimint na hEorpa guth ar fáil d’institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh a thoghann saoránaigh na hEorpa go díreach. Mar fhreagairt ar phaindéim Covid‑19, bhunaigh an tAontas Eorpach plean téarnaimh, ar a dtugtar Next Generation EU (NGEU), a bhfuil sé mar aidhm aige teacht amach níos láidre ón bpaindéim agus ár ngeilleagar a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, níos digití agus níos athléimní. Cuireann sé sin ar chumas na mBallstát maoiniú a fháil ón Aontas Eorpach chun dul i ngleic leis na dúshláin a shainaithníonn siad trí phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh agus chun freagairt ar an gcruatan socheacnamaíoch agus ar an míshocracht sa mhargadh fuinnimh domhanda mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Aontas Eorpach chomh maith, lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna agus maoirseacht do na bainc. Le maoirseacht baincéireachta níos déine ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sásra chun deireadh a chur le bainc a bhfuil ag cliseadh orthu ar dhóigh ordúil, tá ár margaí airgeadais tar éis éirí níos láidre. Ar an dóigh chéanna, tá dul chun cinn déanta maidir le margaí caipitil a chuireann ar chumas infheisteoirí agus coigilteoirí muinín a bheith acu go mbeidh a gcuid airgid in ann sreabhadh go sábháilte ar fud an Aontais Eorpaigh. Cuireann an t-aontas seo, a seoladh in 2015, rochtain ar fáil do chuideachtaí Eorpacha ar choinníollacha maoinithe caipitil níos fearr agus déanann sé infheistíocht chaipitil níos sábháilte.

Cad iad na chéad dúshláin eile?

Leis an suaitheadh eacnamaíoch agus geopholaitiúil a tharla le déanaí, tá tástáil déanta ar shraith straitéisí eacnamaíocha an Aontais Eorpaigh. Ach mar gheall ar an obair a rinneadh chun ár n-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a neartú, bhí an tAontas Eorpach in ann idirghabháil chinntitheach a dhéanamh chun margaí an Aontais Eorpaigh agus iad siúd atá ag brath orthu a chosaint, trí bheartais fhioscacha agus airgeadaíochta. Tacaíodh leis na hiarrachtaí sin le buiséad €723 bhilliún NGEU, a chuideoidh le hathchóiriú agus infheistíocht chlaochlaitheach a chur ar fáil thar ceann phobail an Aontais Eorpaigh. Sa chomhthéacs sin, tá athchóiriú á dhéanamh ag an Aontas Eorpach ar a chreat rialachais eacnamaíoch. Is tosaíocht í dul i ngleic le leibhéil arda fiachais phoiblí ar fud na Ballstáit atá ag teacht salach ar an ngá atá le hinfheistíocht leanúnach sa bhonneagar agus sna seirbhísí – amhail bóithre nó cúram sláinte – a theastaíonn uainn le haghaidh pobail rathúla. Cé go mbeidh próisis dhiana chlaochlaithe amach romhainn, beidh an tAontas Eorpach in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is gá chun geilleagar láidir agus iomaíoch a thógáil.

Tuilleadh faisnéise
Foghlaim faoin gcaoi a bhfuil an tAontas Eorpach ag cruthú Eoraip níos fearr duit